Job Details: Amharclann Ghaoth Dobhair: Feidhmeannach Chultúra agus Turasóireachta


Irish Future
Talbot Street
Dublin 1
irishfuture.ie
Amharclann Ghaoth Dobhair: Feidhmeannach Chultúra agus Turasóireachta
AMHARCLANN GHAOTH DOBHAIR

FEIDHMEANNACH CHULTÚRA AGUS TURASÓIREACHTA

SONRAÍ POIST

Tá AMHARCLANN GHAOTH DOBHAIR, ag tairiscint post ar chonradh mar
Feidhmeannach Chultúrtha & Turasóireachta. Beidh an té a cheapfar
lonnaithe in Amharclann Ghaoth Dobhair agus beidh sé de chúram air /
uirthi clár oibre turasóireachta chultúrtha agus ealaíon a
fhorbairt, a bhainistiú agus a riaradh i gcomhar le Coiste na
hAmharclainne.

Tá fáilte roimh iarratais ó dhaoine le cáilíochtaí i
dturasóireacht chultúrtha nó i riaracháin na n-ealaíon nó
cáilíochtaí ábhartha tríú leibhéal eile, chomh maith le taithí
i bhforbairt agus i gcur chun cinn togra turasóireachta chultúrtha
nó ealaíona.

AN POST

I measc príomhfhreagrachtaí an Fheidhmeannach Chultúrtha agus
Turasóireachta beidh bainistiú agus tógáil ar an chlár forbartha
turasóireacht chultúrtha agus ealaíona atá í bhfeidhm in
Amharclann Ghaoth Dobhair faoi láthair.

I measc na ndualgas beidh ar an té a cheapfar tógáil ar an chlár
oibre atá i bhfeidhm cheana féin, plean d’fhorbairt Amharclann
Ghaoth Dobhair a reiteach i gcomhréir leis an choiste bainistíochta
, agus foinsí maoinithe a aimsiú leis an phlean sin a chur i
bhfeidhm.

_(Tá sé inmhianaithe go mbeadh taithí i mbainistiú agus i
gcúrsaí riaracháin turasóireacht chultúrtha nó riaracháin
ealaíon ag an té a cheapfar.)_

Ní mór d'iarratasóirí na scileanna / tréithe / an taithí seo a
leanas a bheith acu:

* líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
* taithí ag obair / bainistiú ionad turasóireachta chultúrtha
nó ionad ealaíona
* saineolas i gcúrsaí riaracháin agus forbairt turasóireachta
chultúrtha
* Taithí ag bainistiú airgid agus sreabhadh ioncaim;
* tuiscint ar earnáil turasóireachta náisiúnta agus ar eagrais
stáit atá ag plé leis an earnáil
* saineolas ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona in
Éirinn
* sárscileanna cumarsáide
* tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád
* ceadúnas glan tiomána
* saineolas i láimhseáil agus ag obair sna meáin digiteach
* Tuiscint ar na meáin shóisialta & na hardáin dhigiteacha agus
ar na slite le h-iad a úsáid mar uirlis bholscaireachta &
margaíochta;
* Taithí ag déanamh iarratais ar fhoinsí maoine.

FREAGRACHTAÍ

* Imeachtaí an ionaid a bhainistiú agus a eagrú i gcomhréir leis
an choiste bainistíochta ;
* Caiteachas a rialú agus a bhainistiú i gcomhréir leis an
choiste bainistíochta;
* Plean gnó a réiteach, i gcomhréir leis an choiste
bainistíochta;
* Oibriú le páirtithe éagsúla chun maoiniú oiriúnach a aithint
don Amharclann agus iarratais a réiteach ina leith sin;
* An amharclann a fhorbairt mar ionad turasóireachta don cheantar
agus mar láthair eolais do thurasóirí ;
* Clár margaíochta bliantúil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm;
* Suíomh idirlín agus na meáin shóisialta a choinneáil suas go
dáta;
* Dul i mbun comhairle le soláthraithe táirgí / seirbhísí
turasóireachta/ ionaid ealaíona atá ann chun cúnamh/comhairle a
thabhairt lena gcuid gníomhaíochtaí margaíochta;
* Ábhar bolscaireachta agus margaíochta a ullmhú, a phleanáil
agus a fhoilsiú;
* Caidrimh maithe a fhorbairt agus a choinneáil leis na meáin ag
leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta;
* Tabhairt faoi aon dualgas gaolmhar eile de réir mar is gá chun
an tionscnamh
* Freagrachtaí eile a chuirfidh an bhainistíocht ar an Áisitheoir
ó am go chéile

GREASÁN/ LIONRÚ FOGHLAMA

Tá an post seo á pháirt-mhaoiniú faoi thionscnamh turasóireachta
de chuid Údarás na Gaeltachta agus beidh an té a cheapfar
páirteach i ngréasán foghlama de thograí straitéiseacha
turasóireacht sa Ghaeltacht.

BAINISTÍOCHT: Beidh an t-oifigeach freagrach do Choiste na
hAmharclainne.

TUARASTAL: € *, * sa
bhliain

LÁTHAIR : BEIDH AN DUINE LONNAITHE IN AMHARCLANN GHAOTH DOBHAIR

CAITHFEAR IARRATAS DON PHOST A BHEITH SEOLTA ISTEACH ROIMH 3 PM. 5
EANAIR **APPLY ON THE WEBSITE**

TUILLEADH EOLAIS : TEIL. (**APPLY ON THE WEBSITE**) **APPLY ON THE
WEBSITE** NÓ R-PHOST: **APPLY ON THE
WEBSITE**



We need : English (Good)

Type: Permanent
Payment:
Category: Others

Apply for this Job Offer
Name: (*) 
Email: (*) 
Phone: (*) 
Please Provide a Cover in the English Language.
CV: (*) 
Are you human ?
Share on your Facebook Page: